Éilleáin sa Bhiashlabhra
Cuireann an Painéal um Éilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM) comhairle eolaíoch ar fáil maidir le héilleáin sa bhiashlabhra agus substaintí neamh-inmhianaithe amhail tocsainí nádúrtha, míceatocsainí agus iarmhair substaintí neamhúdaraithe.
Is eolaithe ó gach cearn den Eoraip iad Comhaltaí Phainéal CONTAM a bhfuil saineolas acu ar na nithe seo a leanas:
- Ceimic – ceimic orgánach, neamhorgánach, anailíseach, bia agus beatha a phróiseáil i réimse na n-éilleán ceimiceach
- Measúnú nochta – tá saineolas ag teastáil go háirithe i ndáil le measúnú nochta cothaithe ar éilleáin cheimiceacha, lena n-áirítear eolas ar shuirbhéanna ar thomhaltas bia
- Tocsaineolaíocht an duine agus na tréidliachta (sa mheasúnú riosca ar cheimiceáin) – ionsú, dáileadh, meitibileacht, eisfhearadh (ADME) substaintí (tocsainicinéitic agus tocsainidinimic), tocsaineacht fho-ainsealach agus ainsealach (staidéir maidir le dáileoga go minic), géineatocsaineacht agus só-ghineacht, tocsaineacht forbraíochta agus atáirgthe, carcanaigineacht, ailléirgineacht agus tocsaineacht imdhíonachta.
- Tástálacha tocsaineolaíocha ar ainmhithe turgnamhacha – éifeachtaí tocsaineacha éilleán ceimiceach ar ainmhithe feirmeacha agus peataí a léirmhíniú
- Eipidéimeolaíocht – bithmharcóirí maidir le héifeachtaí agus nochtadh agus léirmhíniú sonraí an duine)
- Staidreamh – measúnú ar éifeachtaí dáileoige, e.g. samhaltú dáileog tagarmhairc agus anailís ar thacair sonraí casta (eipidéimeolaíoch)
- Cothú ainmhithe – measúnú nochta ainmhithe.